Page content

Welcome

Tá teacht ar an suíomh seo ar na Siollabais Nua don Chéad, don Dara agus don Tríú Bliain Ollscoile atá á gcur ar fáil ag An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Chomh maith leis na Siollabais féin, tá teacht ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail na Siollabas agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; tá teacht ar na fillteáin foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach de na Siollabais; tá liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; agus tá cuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil na Siollabais seo mar thoradh air. Is féidir na comhaid ar fad a théann leis na Siollabais a íoslódáil mar chomhaid pdf trí chliceáil ar na cnaipí cuí.

Tá súil againn go mbainfidh idir theagascóirí agus mhic léinn sásamh agus tairbhe as an suíomh.

Siollabais seachas cúrsaí atá ar an suíomh seo – tá sé i gceist go gcuirfeadh institiúidí éagsúla na Siollabais agus an t-ábhar samplach a théann leo in oiriúint do na cúrsaí ar
leith Gaeilge atá á dteagasc acu féin.

Éist le hAilín Ní Chonchúir ag cur síos ar an siollabas don chéad bhliain

Background in History

D’eascair an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge as an gcomhdháil ‘Teagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal’ a eagraíodh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mí Feabhra 2008.

Ag an gcomhdháil sin bunaíodh Meitheal a raibh trí leibhéal inti: (i) Coiste Stiúrtha; (ii) Meitheal Siollabais (saineolaithe ar ghnéithe éagsúla de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge); (iii) Meitheal Tacaíochta (ionadaithe ó na hinstitiúidí rannpháirteacha a d’fheidhmeodh mar nasc agus mar phointe teagmhála idir an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge agus na Ranna/Scoileanna/Aonaid Ghaeilge sna hinstitiúidí ar fad a bhfuil an Ghaeilge á múineadh inti).

Ba iad Coláiste Phádraig Droim Conrach agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bhí i mbun ceannródaíochta sa Tionscadal agus ba iad an Dr Máirín Nic Eoin agus an Dr John Walsh a d’fheidhmigh mar chomhstiúrthóirí ar an Tionscadal. Ba é an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh a rinne roinnt mhaith den obair theicniúil agus tá an suíomh á chumhachtú ag an Ollscoil sin.

An cuspóir a bhí ag an Meitheal ná siollabas teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaeilge ar an tríú leibhéal – siollabas a bheadh bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha. An cuspóir a bhí ag Céim 1 den Tionscadal (céim a bhí á cómhaoiniú ag Foras na Gaeilge) ná siollabas agus áiseanna teagaisc agus foghlama don chéad bhliain Ollscoile a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh. Tá an Mheitheal buíoch arís d’Fhoras na Gaeilge as cur ar a cumas tógáil ar an obair sin agus Céim 2 agus Céim 3 den Tionscadal a chur ar fáil – is é sin siollabas agus áiseanna teagaisc agus foghlama don dara agus don tríú bliain Ollscoile a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh.

Ba í Ailín Ní Chonchúir an Bainisteoir Tionscadail agus is í a rinne na Siollabais agus an t-ábhar teagaisc a dhearadh i gcomhar le baill na Meithle Siollabais, mar aon le táirgeadh na Siollabas a chomhordú.

Tá eolas eile faoi chúlra an Tionscadail ar fáil san alt atá sa rannóg seo den suíomh.

Tá an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal buíoch d’Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht a chuir an Foras ar fáil don Tionscadal seo.

CÚLRA AGUS STAIR AN TIONSCADAIL